- Taispeántas: Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Saol Andrei Sakharov
Rugadh Andrei Dmitrievitch Sakharov an 21 Bealtaine 1921 i Moscó. B’eolaithe iad a mhuintir agus rinne sé staidéar ar an bhfisic ag Ollscoil Lomonosov sa phríomhchathair. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, d’oibrigh sé i saotharlann a bhí dírithe ar airm núicléacha a fhorbairt. Bhí ról suntasach ag Sakharov i bhforbairt an chéad bhuama theirmeanúicléigh ag an Aontas Shóivéadach, a rinneadh a thástáil den chéad uair i mí Lúnasa 1953. Ba dhea-shaoránach Sóivéadach é. Bhuaigh sé Duais Lenin in 1950 agus ba é an duine ab óige in Acadamh Eolaíochtaí Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha é.
Féachadh ar Sakharov mar ‘athair an H-bhuama Shóivéadaigh’ agus bhronn an réimeas Cumannach onóracha air as ucht a chuid oibre ar chumhacht núicléach an Aontais Shóivéadaigh. Ach de réir a chéile mhéadaigh ar imní Sakharov faoin líon tástálacha núicléacha. Thosaigh sé ar aistear machnaimh a thug i dtreo an easaontais é. Ar dtús sheas Sakharov i gcoinne an armráis, ach níorbh fhada gur dhírigh sé go hiomlán ar chosaint chearta an duine agus ar chúis na saoirse. Bhí sé ar dhuine de na príomh-easaontóirí intleachtúla san Aontas Sóivéadach.
In 1968 d’fhoilsigh Sakharov an aiste Reflections on Progress, Peaceful Coexistence and Intellectual Freedom, [Machnamh ar Dhul Chun Cinn, ar Chómhaireachtáil Shíochánta agus ar Shaoirse Intleachtúil] faoi rún. San aiste sin mhol sé go neartófaí straitéis do chómhaireachtáil shíochánta idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Sóivéadach. Ina theannta sin, rinne Sakharov cosaint phoiblí ar phríosúnaigh pholaitiúla agus bhunaigh sé an Coiste um Chearta an Duine agus um Chosaint Íospartach na dTrialacha Polaitiúla in 1970. Mar thoradh ar na tuairimí láidre sin, mhéadaigh an réimeas Sóivéadach ar na bearta diansmachtúla ina aghaidh agus rinneadh ionsaithe gangaideacha air sna meáin.
Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Sakharov in 1975, ach toisc gan cead a bheith aige an tAontas Sóivéadach a fhágáil, ghlac a bhean chéile Elena Bonner an Duais ar a shon in Osló. Baineadh a theidil onóracha ar fad de in 1980 agus cuireadh faoi ghabháil tí é go dtí 1986. Ach nuair a mhaolaigh beartais an rialtais faoi mheon gleasnaist, toghadh chuig Praesaidiam Acadamh na nEolaíochtaí é. Ina dhiaidh sin rinneadh ball de Chomhdháil Teachtaí Phobal an Aontais Shóivéadaigh de. Bhásaigh sé i Moscó an 14 Nollaig 1989 agus é 68 mbliana d’aois.