- Taispeántas: Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Cruthú Dhuais Sakharov
Is le linn díospóireachta maidir le scéal Andrei Sakharov, ag suí iomlánach i mí Iúil 1984, a tháinig an smaoineamh chun cinn go bhféadfadh Parlaimint na hEorpa duais bhliantúil a chruthú. I dtús ama, bhí an Duais ceaptha aitheantas a thabhairt d’obair ar fhorbairt an chaidrimh idir an tOirthear agus an tIarthar, ar shaoirse cainte agus taighde, agus ar chosaint do chearta an duine agus don smacht reachta. Mar a mhínigh an Feisire agus rapóirtéir Francach, Jean-François Deniau, bhí sé mar dhualgas agus mar fhreagracht ar Pharlaimint na hEorpa, a toghadh go saor, cosaint a dhéanamh ar shaoirsí bunúsacha.
Ba léiriú iontach ar an Duais é Andrei Sakharov dar leis an Uasal Deniau a dúirt:
Ba shaoránach Eorpach é Sakharov a thug grinnléiriú ar shaoirse smaointeoireachta agus cainte. Chinn sé, mar gheall ar a phrionsabail agus a choinsias, diúltú do na buntáistí ábhartha agus na honóracha ar fad a bhí ar fáil dó.
Jean-François Deniau
D’fhreagair Feisirí na Parlaiminte don dúshlán cumhachtach sin. An 13 Nollaig 1985, glacadh le tromlach mór, an tairiscint i gcomhair rúin, lenar cruthaíodh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta.
In earrach 1987, tar éis don Tiarna Plumb, a bhí ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa ag an am, impí phearsanta a dhéanamh ar Andrei Sakharov, thug seisean a thacaíocht don tionscadal agus do chruthú duaise ina ainm. Ar deireadh, cinneadh go mbronnfaí an Duais ar dhaoine aonair nó eagraíochtaí a bhain clú amach mar gheall ar a ngníomhaíochtaí nó a n-éachtaí i réimse chearta an duine san Eoraip agus ar fud an domhain. I gcomhréir le Coiste um Ghnóthaí Polaitíochta Pharlaimint na hEorpa, cinneadh go mbronnfaí an chéad Duais Sakharov roimh dheireadh na bliana 1988. Ba iad Nelson Mandela agus Anatoli Marchenko na chéad bhuaiteoirí agus ba é Andrei Sakharov féin a mhol Anatoli Marchenko don Duais.