- Taispeántas: Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Buaiteoirí 2000 - 2004
¡BASTA YA! - 2000, Spáinn
(‘Is leor sin!’) ba thionscnamh mór de chuid na saoránach i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus an fhoréigin pholaitiúil i dTír na mBascach sa Spáinn a bhí in ¡Basta Ya!.
Táimid lánchinnte de, nuair a bhíonn an daonlathas i gcontúirt, nach féidir leis na saoránaigh dul i bhfolach faoi bhrat na hainaithnideachta.
Fernando Savater
Dom Zacarias Kamwenho - 2001, Angóla
Ceannaire sibhialta agus reiligiúnach is ea Dom Zacarias Kamwenho a thug spreagadh do mhuintir Angóla seasamh a ghlacadh ar son a gceart agus a raibh ról lárnach aige sa phróiseas síochána lenar cuireadh deireadh le cogadh cathartha na tíre.
Síorchúrsa buan seo na gcogaí a bhriseadh
Nurit Peled-Elhanan - 2001, an Iosraeil
Léachtóir ollscoile agus údar, tá Nurit Peled-Elhanan tiomanta do thuairimí shochaí Iosrael i leith na Palaistíne a athrú. Déantar an chaoinfhulaingt, an éagsúlacht agus an ceart chun oideachais a chur chun cinn ina cuid scríbhneoireachta.
Izzat Ghazzawi - 2001, an Phalaistín
In ainneoin é a bheith curtha i bpríosún, cinsireachta a bheith déanta air agus bhás a mhic, sheas Izzat Ghazzawi go cróga ar son idirphlé síochánta agus comhpháirtíocht idir na hIosraelaigh agus na Palaistínigh a chur chun cinn.
Oswaldo José Payá Sardiñas - 2002, Cúba
Mar bhunaitheoir Thionscadal Varela, throid Oswaldo Payá ar son cearta sibhialta, toghcháin iolraíocha shaora, shaoradh na bpríosúnach polaitíochta, agus athchóiriú eacnamaíoch agus sóisialta i gCúba.
An babhta seo, tabharfaimid na hathruithe i gcrích trí ghluaiseacht shibhialta atá, cheana féin, ag cur tús le caibidil nua i stair Chúba, mar a bhfuil an t-idirphlé chun tosaigh faoi mar atá an rannpháirtíocht dhaonlathach agus an dlúthpháirtíocht. Is ar an gcaoi sin a chruthóimid fíorshíocháin
Kofi Annan agus foireann na Náisiún Aontaithe – 2003, ceanncheathrú i Nua Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá
Agus é ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe, stiúir Kofi Annan an eagraíocht chun naisc níos láidre a chothú leis an tsochaí shibhialta ar mhaithe leis an tsíocháin, an ceartas agus cearta an duine.
Sa stair fhada atá ag an Eoraip, chonaic sí a rí-dhóthain de chogaí, de thíoránacht agus d’fhulaingt. Ach fós, d’éirigh leis na hEorpaigh todhchaí a thógáil a bhí bunaithe ar an dóchas. Roghnaigh sibh an tsíocháin mar shlí chun iltaobhachas a bhaint amach. Agus inniu, is réalta eolais é an tAontas Eorpach agus dea-shampla den chaoinfhulaingt, den urraim do chearta an duine agus den chomhar idirnáisiúnta
Comhlachas Iriseoirí na Bealarúise - 2004, an Bhealarúis
Bunaíodh Comhlachas Iriseoirí na Bealarúise (CIB) in 1995 chun cosaint a thabhairt do gach iriseoir a oibríonn faoi bhagairt an chiaptha, an imeaglaithe agus na géarleanúna.
Is comhartha an-tábhachtach dúinne í an duais seo, mar go dtuigimid na fadhbanna atá againn agus nach leor é díreach ár gcuid prionsabal gairmiúil a choinneáil ar bun. Caithfear freisin na cearta atá ag gach duine dár gcuid saoránach a chosaint, an ceart sin atá acu faisnéis oibiachtúil atá saor ó chinsireacht a fháil
Zhanna Litvina