- Taispeántas: Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Buaiteoirí 1988 - 1999
Nelson Rolihlahla Mandela - 1988, an Afraic Theas
Mórphearsa sa chomhrac i gcoinne an chiníochais ab ea Nelson Mandela, agus stiúir sé aistriú stairiúil na hAfraice Theas ón gcinedheighilt chuig daonlathas atá cuimsitheach ó thaobh cine de agus chuir sé comhionannas deiseanna agus síocháin do chách chun cinn.
Feictear dúinn gurb é atá sa duais seo ná spreagadh go mbeimis dílis don fhís atá ag gach duine anseo: domhan atá saor ó chogadh, saor ó bhochtaineacht agus saor ó fhulaingt. Is é is mó atá i gceist leis seo dúinne ná an misneach a bheith againn gníomhú ar son an cheartais agus na síochána.
Anatoli Marchenko (i ndiaidh a bháis) - 1988, an Rúis
Iar-easaontach ón Aontas Sóivéadach a rinne dálaí maireachtála uafásacha na bpríosúnach polaitíochta a thabhairt chun solais, agus ba é Andrei Sakharov féin a mhol Anatoli Marchenko.
Alexander Dubček - 1989, an tSlóvaic
Agus ról lárnach ag Alexander Dubček in imeachtaí Earrach Phrág, shaothraigh sé ar son leasuithe daonlathacha agus eacnamaíocha a bhaint amach. Lean sé air ag troid ar son na saoirse, ar son na ceannasachta agus ar son an cheartais shóisialta ar feadh a shaoil.
Agus Duais Sakharov á bronnadh orm, táim ag smaoineamh orthu siúd ar fad a bhí taobh thiar den athnuachan agus den athrú atá ag tarlú faoi láthair. Fiú le linn na dtréimhsí ba dheacra ina stair, níor stop na náisiúin i mo thír dhúchais riamh de mhothú gur chuid de mhórthroid an chine dhaonna ar son na saoirse iad.
Aung San Suu Kyi – 1990, Maenmar
Iar-phríosúnach polaitíochta is ea Aung San Suu Kyi a bhí ar thús cadhnaíochta sa streachailt ar son an daonlathais i gcoinne na deachtóireachta míleata i Maenmar. Faoi dheireadh, trí bliana is fiche níos déanaí, an 22 Deireadh Fómhair 2013, bhí Aung San Suu Kyi in ann Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta a ghlacadh i bpearsa.
An 10 Meán Fómhair 2020, chinn Comhdháil Uachtaráin na Parlaiminte Aung San Suu Kyi a chur ar fionraí ó ghníomhaíochtaí Chomhphobal Dhuais Sakharov ós rud é gur mhainnigh uirthi cearta mhionlach Rohingya i Maenmar a chosaint agus a choimirciú, agus nár cháin sí na sáruithe a rinneadh ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine.
Adem Demaçi - 1991, an Chosaiv
Agus é ag seasamh an fhóid i gcoinne na coise ar bolg a bhí ar siúl ag an réimeas sa tSeirbia, chaith ‘Mandela na mBalcán’ a dhúthracht le cur chun cinn na caoinfhulaingthe agus an athmhuintearais eitnigh sa Chosaiv.
Gan saoirse chainte, ní ann don idirphlé; gan idirphlé, ní féidir an fhírinne a fháil amach; agus gan an fhírinne, tá an dul chun cinn dodhéanta.
Las Madres de Plaza de Mayo - 1992, an Airgntín
Bhí ‘Máithreacha Plaza de Mayo’ ina gceann feadhna ar ghluaiseacht frithbheartaíochta síochánta i gcoinne na deachtóireachta míleata agus na coise ar bolg san Airgintín, mar fhreagairt ar fhuadach daoine ón bhfreasúra polaitiúil le forneart agus ar a gcéasadh.
Ba mhaith linn ar chuma éigin go spreagfaí sinn uile chun a chinntiú nach mbeadh aon teorainn i gceist leis an saol agus le cosaint na beatha.
Hebe de Bonafini
Oslobodjenje - 1993, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
Chuaigh iriseoirí an nuachtáin Oslobođenje i Sairéavó i mbaol a mbáis agus iad ag troid chun aontacht agus éagsúlacht eitneach a dtíre a choimeád le linn an chogaidh san iar-Iúgslaiv.
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, tír ileitneach, ilnáisiúnta, iltíreach agus chaoinfhulaingeach, a chosaint agus a chaomhnú.
Zlatko Dizdarević
Taslima Nasreen - 1994, an Bhanglaidéis
Díbrithe as an mBanglaidéis agus as Beangál de dheasca a cuid tuairimí saolta, troideann an scríbhneoir Taslima Nasreen i gcoinne an leatroim a dhéantar ar mhná agus cuireann sí in éadan antoisceachas creidimh de gach cineál.
Mar scríbhneoir, ní fhéadfainn fanacht glan ar na nithe a bhí ag tarlú i mo thír féin agus mé féin a scoitheadh amach ón saol ina raibh mé ag maireachtáil.
Leyla Zana - 1995, an Tuirc
An chéad bhean Choirdíneach a toghadh chun Pharlaimint na Tuirce in 1991, siombail de streachailt na gCoirdíneach ar son na dínite agus chearta an duine is ea an troid a dhéanann Leyla Zana ar son an daonlathais.
Ní rabhadar in ann bac a chur leis an bhforbairt agus idirnáisiúnú a tharla dár n-iarrachtaí síochánta chun maireachtáil le chéile ar bhonn comhionann agus i mbráithreachas [...] le tuiscint an daonlathais agus urraim á léiriú ag an dá thaobh ar chearta agus ar fhéiniúlacht an phobail eile.
Wei Jingsheng - 1996, an tSín
Agus é ar dhuine de na ceannairí ar an ngluaiseacht i gcoinne réimeas na Síne, déanann Wei Jingsheng sáruithe ar chearta an duine a cháineadh agus troideann sé ar son an daonlathais. Níor éirigh leis an bpríosún ná leis an díbirt é a choinneáil ina thost.
Is é atá i nduais Sakharov ná “gníomh spreagtha agus tacaíochta thar ceann phobal na hEorpa [...] do ghluaiseacht iomlán chearta an duine sa tSín.
Salima Ghezali - 1997, an Ailgéir
Príomheagarthóir ar an nuachtán cáinteach La Nation agus ina hUachtarán ar an gCumann um Fhuascailt na mBan, seasann Salima Ghezali an fód ar son chearta na mban, an daonlathais agus idirphlé polaitiúil san Ailgéir.
Na ceisteanna bunúsacha daonlathacha [...], ní bheidh seans dá laghad acu éalú as na geiteonna ina bhfuil siad gaibhnithe ag córas Maiciaiveilliach má bhíonn tromlach mór an phobail ag breathnú orthu mar rudaí a bhaineann go sonrach le mionlach nach bhfuil tuiscint dá laghad acu ar a gcás.
Ibrahim Rugova - 1998, An Chosaiv
Ag saothrú gan stad ná cónaí chun teacht ar réitigh shíochánta agus ar idirphlé, chaith an chéad Uachtarán ar an gCosaiv a shaol le frithbheartaíocht neamhfhoréigneach na nAlbánach eitneach i gcoinne chos ar bolg na Seirbiach.
Tar éis na deich mbliana a bhfuil Duais Sakharov ar an bhfód, tá sí anois ina siombail den tsíocháin, den tsaoirse agus den daonnacht.
Xanana Gusmão - 1999, East Timor
Duine a bhí tráth ina cheannaire ar streachailt Thíomór Thoir (Timor-Leste) i leith saoirse agus féinchinntiúchán a bhaint amach, bhí Xanana Gusmão ar an gcéad uachtarán ar an náisiún agus ina phríomh-aire ar an tír ina dhiaidh sin.
Seasann an duais seo don aitheantas atá tugtha ag Parlaimint na hEorpa do mhisneach mo mhuintire sa chomhrac ar son shaoirse a dtíre dúchais ina mbreathnaítear ar an tsaoirse smaointeoireachta mar cheart atá go dúchasach sa duine daonna.