- Taispeántas: Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Buaiteoirí 2005 - 2009
Na Mná Bánghléasta - 2005, Cúba
In ainneoin cos ar bholg leanúnach, déanann na Mná Bánghléasta (Damas de Blanco), ar a ngairtear Damas freisin, mórshiúlta agóide seachtainiúla, chun daonlathas agus saoradh na n-easaontach polaitíochta i gCúba a éileamh.
Hauwa Ibrahim - 2005, an Nigéir
Is dlíodóir um chearta an duine í Hauwa Ibrahim a chosnaíonn mná agus leanaí a ngearrann cúirteanna Sharia pianbhreith orthu sa Nigéir. Molann sí go mbeadh an t-oideachas do chailíní ina bhunús le sochaí shíochánta.
Tuairisceoirí gan Teorainneacha – 2005, ceanncheathrú sa Fhrainc
Is eagraíocht neamhrialtasach idirnáisiúnta é Tuairisceoirí gan Teorainneacha (TGT) a bhíonn ag troid ar son saoráil faisnéise agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh, agus tacaíocht á tabhairt aici freisin d’iriseoirí ar fud an domhain a bhfuil géarleanúint á déanamh orthu.
Tá sé mar a bheadh dhá chaighdeán éagsúla ann; mar a bheadh dhá shaol ann agus luach níos mó le ceann ná leis an gceann eile; mar a bheadh saoirsí ann atá dlite dúinn agus saoirsí eile nach bhfuil. Caithfidh sé sin stopadh.
Robert Ménard
Aliaksandr Milinkevich - 2006, an Bhealarúis
Mar cheannaire ar an nGluaiseacht ar son na Saoirse, gluaiseacht dhaonlathach an fhreasúra sa Bhealarúis, rinne Aliaksandr Milinkevich cáineadh ar chionta réimeas na Bealarúise i gcoinne an daonlathais agus chearta an duine.
Is féidir libh go leor a dhéanamh. Is féidir libh cabhrú linn an bac faisnéise a bhriseadh, chomh maith leis an léargas teoranta seo ar an domhan atá buailte anuas ag bréagbholscaireacht an rialtais ar mhuintir mo thíre féin. Is féidir libh cabhrú linn spás poiblí a chruthú atá feiliúnach do dhíospóireacht oscailte i measc na saoránach áit a mbeidh fáil ar údair neamhspleácha, ar an lucht léinn agus ar údaráis mhorálta.
Salih Mahmoud Mohamed Osman - 2007, an tSúdáin
Cosnaíonn an dlíodóir Súdánach Salih Mahmoud Mohamed Osman iad siúd ar ghabh na húdaráis iad gan chúis, ar chéas na húdaráis iad nó ar chuir na húdaráis drochbhail orthu, in ainneoin go raibh sé féin ar dhuine a gabhadh ar an gcaoi sin.
Leis an aitheantas a thugann Parlaimint na hEorpa don obair atá á déanamh ag cosantóirí chearta an duine sa tSúdáin, tugtar misneach agus spreagadh dúinn coinneáil orainn ag labhairt amach in ainm na n-íospartach le súil agus go dtiocfaidh laghdú beag féin ar a bhfuil á fhulaingt acu.
Hu Jia - 2008, an tSín
Agus a bheatha á cur i mbaol aige trína chuid gníomhaíochais, tharraing Hu Jia aird an tsaoil ar shléacht Chearnóg Tiananmen, ar shaincheisteanna SEIF agus ar sháruithe ar chearta an duine sa tSín.
Déanta na fírinne, amanna ní leor an chrógacht. Amanna, bíonn sé an-daor go deo ar dhuine.
Zeng Jinyan
Memorial (Oleg Orolov, Sergei Kovalev agus Lyudmila Akexeyeva, thar ceann Memorial agus chosantóirí uile eile chearta an duine sa Rúis) – 2009, an Rúis
Bunaíodh cumann Memorial chun na cuimhní faoin gcos ar bolg ar mhórscála a tharla faoi réimeas Stalin a chaomhnú, agus molann Memorial urraim do chearta an duine agus cosnaíonn sé íospartaigh sáruithe ar chearta an duine sa Rúis agus i stáit an Iar-Aontais Shóivéadaigh.
Is í an tsaoirse smaointeoireachta an dúshraith do gach uile shaoirse eile.
Sergei Kovalev