- Taispeántas: Louise Weiss: Eorpach tiomanta
- Scríbhneoir agus scannánóir
Tar éis léirscrios an chogaidh, thosaigh Louise Weiss ag breathnú níos faide i gcéin ná an Eoraip agus í ag lorg bealaí nua chun leas a bhaint as a cuid iarrachtaí suntasacha. Bhí uaillmhian aici íomhánna a úsáid mar bhealach chun a smaointe a chur in iúl agus spreag sé sin í le dul ag taisteal ar fud an domhain agus feasacht a fheabhsú faoi thíortha agus sibhialtachtaí i bhfad ón Eoraip.
Ag an am sin freisin, bhí Louise an-tógtha leis an obair a bhí ar siúl ag an Institut français de polémologie (Institiúid na Fraince maidir le Staidéar na Cogaíochta) a rinne staidéar ar chúiseanna na coinbhleachta armtha. Le linn na tréimhse sin bhíodh Louise i mbun pinn í féin freisin agus meascán éagsúil saothar aici: úrscéalta, beathaisnéisí, drámaí, aistí agus irisí taistil. D’fhoilsigh sí sé imleabhar den saothar Mémoires d’une Européenne (Cuimhní Cinn ó Bhean Eorpach) a bhain Duais Robert Schuman d’aontacht na hEorpa amach in 1978.
Chaith sí na blianta ag taisteal mar eitneagrafaí: san Áise, san Afraic, sa Mheánoirthear agus san India. I gcomhthéacs an Chogaidh Fhuair, chonaic sí an suaitheadh geopholaitiúil, reiligiúnda, sóisialta agus cultúrtha a bhí ag tarlú sa Tríú Domhan. Rinne sí scannáin faisnéise agus gearrscannáin a chuir sí i láthair san Eoraip le linn camchuairteanna móra comhdhála.
Ina dhiaidh sin, chruthaigh sí Fondúireacht Louise Weiss in Strasbourg, chun duais a bhronnadh ar dhaoine a rinne dianiarracht ar son na síochána agus chun daoine a thabhairt le chéile. Ó 2005 i leith, bronnann Cumann Iriseoirí na hEorpa Duais Louise Weiss gach bliain ar iriseoirí a dhíríonn ar ghnóthaí Eorpacha.