- Taispeántas: Louise Weiss: Eorpach tiomanta
- Na blianta luatha: cogadh agus síocháin
Rugadh Louise Weiss an 25 Eanáir 1893 in Arras (i réigiún Pas-de-Calais na Fraince). B’ise an duine ba shine de sheisear leanaí i dteaghlach uas-mheánaicmeach ón Alsáis. Bhí luachanna tírghrácha, saolta agus poblachtacha go láidir sa teaghlach. B’innealtóir mianadóireachta mór le rá a hathair. Ba as an Alsáis a máthair freisin. Ba Ghiúdaigh ó lár na hEorpa iad muintir a máthar. Mar gheall ar an gcúlra teaghlaigh sin, thuig Weiss ó bhí sí an-óg na contúirtí a bhain leis an stair agus leis an gcaidreamh deacair idir an Fhrainc agus an Ghearmáin.
Chaith sí a hóige i bPáras, áit a bhfuair sí oideachas dian sna scoileanna ab fhearr sa tír. Cé gur chuir a hathair ina aghaidh, chuaigh Weiss le cúrsaí léinn agus d’éirigh go maith léi. Faoin am a raibh sí 21 bhliain d’aois, bhí céim bainte amach aici le hOllscoil Oxford, chomh maith le cáilíocht mór le rá sna Dána (agrégation de lettres). Bhí Louise cáilithe le bheith ina múinteoir, ach ní gairm sa seomra ranga a bhí i ndán di. Nuair a bronnadh a céim uirthi in 1914, d’athraigh an saol go mór – do Louise féin, agus don Eoraip ar fad.
Chuaigh an sléacht a tharla ar na láithreacha catha le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus fulaingt na glúine óige a sheoladh chun cogaidh i bhfeidhm go mór ar Weiss. Dhiúltaigh sí deis ar ghairm le pá maith san oideachas. Ina ionad sin, bhunaigh sí ospidéal beag míleata chun cóir leighis a chur ar shaighdiúirí a gortaíodh sa chogadh agus, ina dhiaidh sin, ionad d’íospartaigh i dtuaisceart na Fraince.
Mar sin féin, níorbh fhada go raibh Weiss ag breathnú níos faide i gcéin agus í ag cuardach bealaí eile chun leas a bhaint as a buanna. Ó tharla suim aici sa díospóireacht agus i malartú smaointe, thug sí faoin iriseoireacht. D’fhoilsigh sí a céad ailt i nuachtáin i bPáras.