- Taispeántas: Louise Weiss: Eorpach tiomanta
- Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Leis an gcáil a bhí bainte amach ag Louise mar Eorpach agus mar fheimineach tiomanta, ní raibh a sárú le fáil mar iarrthóir sna chéad toghcháin le vótáil chomhchoiteann dhíreach do Pharlaimint na hEorpa in 1979. Chuir an t-iar-Phríomh-Aire Jacques Chirac síos ar Weiss mar “ár gcéad Bhean”. Ainmníodh mar iarrthóir í ar an liosta ‘Cosaint do leasanna na Fraince san Eoraip’. Le linn an fheachtais pholaitiúil dhiúltaigh sí cur i gcoinne Simone Veil, a bhí i gceannas ar liosta an Uachtaráin Valéry Giscard d’Estaing ‘Aontas do Dhaonlathas na Fraince’.
An 17 Iúil 1979, agus í ar an bhFeisire ba shine de Pharlaimint na hEorpa, bhí Louise Weiss, i gceannas ar shuí oscailte Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg. Bhain Weiss sult mór as an ócáid stairiúil seo, agus d’úsáid sí a haitheasc chun labhairt go díreach le polaiteoirí nuathofa na hEorpa. Thapaigh sí an deis chun rabhadh a thabhairt faoin mbaol a bhain le ligean do ‘chultas de na seanóirí’ an mothú a bhaint as gníomhaíocht pholaitiúil. Leag sí béim ar na dúshláin maidir le féiniúlacht, ráta breithe agus cearta an duine a bheadh ag an mór-roinn sa todhchaí. D’áitigh sí go raibh sé ríthábhachtach go mbeadh muintir na hEorpa aontaithe ní hamháin maidir lena leasanna eacnamaíocha comhroinnte ach maidir lena gcomhchultúr freisin.
An lá dár gcionn thug sí cathaoirleacht na Parlaiminte ar láimh do Simone Veil, a toghadh ina hUachtarán ar Pharlaimint na hEorpa.
Sna hóráidí eile a thug sí i gcruinnithe iomlánacha Pharlaimint na hEorpa labhair sí ar raon leathan ábhar imní eile, ag tabhairt aghaidh, i measc nithe eile, ar an idirghabháil Shóivéadach san Afganastáin, ocras domhanda, sáruithe ar chearta an duine, dlí na farraige agus áit Strasbourg i gcroílár na hEorpa.
An chéad suí de Pharlaimint na hEorpa tar éis na dtoghchán le vótáil chomhcoiteann dhíreach – Óráid Louise Weiss
Chuir a háit ar an gCoiste um an Óige, um Chultúr, um Oideachas, um Fhaisnéis agus um Spórt ar a cumas tús a chur le tionscadal nua fiú: músaem maidir le stair aontú na hEorpa a chruthú.
Bhí Louise Weiss fós gníomhach mar pholaiteoir agus í amach go maith sna blianta. Fuair sí bás in 1983 agus í 90 bliain d’aois, sular chríochnaigh sí a téarma oifige.