- Taispeántas: Louise Weiss: Eorpach tiomanta
- Louise Weisse: Mórphointí saoil a caitheadh leis an Eoraip
Is saol gníomhach a bhí ag Louise Weiss, bean a chaith beagnach 70 bliain ina ceann feadhna ar iarrachtaí polaitiúla san Eoraip. Mar iriseoir, gníomhaí síochánaíochais a bhí i bhfabhar lánpháirtiú na hEorpa, gníomhaí feimineach, déantóir scannán faisnéise, léachtóir, scríbhneoir, scríbhneoir cuimhní cinn agus comhalta tofa de Pharlaimint na hEorpa, is duine í a raibh léargas ar leith aici ar a raibh ag titim amach sa 20ú hAois agus an chaoi ar múnlaíodh an Eoraip faoi mar is eol inniu dúinn é.
Éist leis an bpodchraoladh
Is in 1979 a tosaíodh ar na Feisirí i bParlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil dhíreach i measc an phobail. Tar éis an toghcháin sin, is bean a bhí ina cathaoirleach ar an gcéad suí den Pharlaimint nua. Seo súil siar ar shaol na mná seo a rinne éachtaí as cuimse: Louise Weiss...
Sílim gurb é comhlíonadh na cinniúna é gurb í an bhuaic a bheadh ar gach ar bhain díom i rith an chéid seo agus ar mo chuid taistil ar fud an domhain ná go mbeadh an cruinniú seo agam libh anseo inniu: Tagaim in bhur láthair mar dhuine a bhfuil an-ghean agam ar an Eoraip
Louise Weiss, Iúil 1979