- Taispeántas: Louise Weiss: Eorpach tiomanta
- Iriseoir don Eoraip
Bhí an mhian a bhí ag Louise Weiss tíortha na hEorpa a thabhairt níos gaire dá chéile agus tuiscint níos fearr a bhaint amach eatarthu, fréamhaithe in uafáis an Chogaidh Mhóir agus san aidhm a bhí aici ina dhiaidh sin todhchaí níos fearr a thógáil dá comhshaoránaigh. In 1918, bhí sí ar dhuine de chomhbhunaitheoirí iris sheachtainiúil dar teideal L’Europe nouvelle. Rinneadh iarracht san iris faisnéis ar ardchaighdeán a chur ar fáil faoin bpolaitíocht idirnáisiúnta agus faoi mhórcheisteanna eacnamaíocha chun cabhrú le lucht síochána na mór-roinne.
In 1919, d’fhreastail sí ar shearmanas sínithe Chonradh Síochána Versailles mar iriseoir. Thugadh sí tuairisc go minic ó lár agus ó oirthear na hEorpa ar ardmhianta náisiúnta na dtíortha a bhí ag teacht chun cinn as fothracha na hImpireachta Ostra-Ungáraí. Thaistil sí chun na Rúise freisin, áit a bhfaca sí an tionchar a bhí ag an réabhlóid Shóivéadach ar an bpobal. Scríobh sí tuarascáil don Chros Dhearg maidir leis na réigiúin a bhí buailte ag gorta. Nuair a d’fhill sí ar an bhFrainc, d’eagraigh sí feachtais chun cuidiú a chur ar fáil do leanaí míchothaithe na Rúise agus na hÚcráine.
Agus í ag obair mar phríomh-eagarthóir ar L’Europe nouvelle ó 1920 go 1934, bhí Weiss ag croílár go leor de na himeachtaí tábhachtacha i bhforbairt na hEorpa sa 20ú haois. D’oibrigh sí le go leor de scríbhneoirí mór le rá an lae, Paul Valéry agus Léon Blum ina measc. Is minic a d’iarradh sí orthu alt faoi nithe a bhain leis an mbeartas eachtrach a scríobh dá hiris.
Dhéanadh sí turais go minic go dtí an Ghinéiv áit ar chlúdaigh sí forbairtí maidir le Conradh na Náisiún agus bhuail sí le Jean Monnet, ar a dtugtaí ‘Athair Bunaidh na hEorpa’ ina dhiaidh sin.
Agus í ag tacú le síocháin chóir a bheith ann leis an nGearmáin, chuidigh sí le coincheap lánpháirtiú na hEorpa a chur chun cinn. Thacaigh sí le Conarthaí Locarno lenar bunaíodh córas comhchoiteann slándála san Eoraip, agus chosain sí an tionscadal uaillmhianach d’aontas cónaidhme na hEorpa, a bhí ag Aristide Briand, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince.
De réir a chéile bhí Louise Weiss ag baint cáil amach i saol na hiriseoireachta taidhleoireachta – réimse den iriseoireacht ar fir ba mhó a bhí ina bun. I bPáras, bhuail sí le hintleachtóirí, taidhleoirí agus polaiteoirí mór le rá. Bhí cáil chomh mór sin uirthi go ndearnadh Ridire den Légion d’Honneur di in 1925. Mar sin féin, níos lú ná deich mbliana ina dhiaidh sin – le teacht chun cumhachta Hitler sa Ghearmáin – mheas sí nach mbeadh aon rath ar iarrachtaí an Eoraip a aontú. D’fhág sí an iriseoireacht chun an tsíocháin san Eoraip a shaothrú ar bhealach éagsúil.