In 1934, thug Louise Weiss a haghaidh ar chúis nua: an feachtas ar son fhuascailt na mban. Fuair sí spreagadh ó na gníomhaíochtaí a bhí ar siúl ag na sufraigéidí Sasanacha agus Meiriceánacha agus bhunaigh sí an cumann La Femme Nouvelle (An Bhean Nua) chun feachtasaíocht a dhéanamh ar mhaithe le cearta vótála do mhná. Bhunaigh sí ionad eolais freisin do chearta comhionanna sibhialta agus polaitiúla d’fhir agus do mhná na Fraince.
Cé nach raibh sí incháilithe le bheith ina hiarrthóir, thug Louise teachtaireacht láidir nuair a sheas sí go siombalach i dtoghcháin éagsúla.
Tar éis di iarracht a dhéanamh i dtoghcháin áitiúla ar dtús, chuaigh sí i dteannta sufraigéidí eile i bPáras in 1936 chun feachtasaíocht thoghchánaíochta shiombalach a dhéanamh do Thionól Náisiúnta na Fraince. Táirgeadh cárta poist speisialta ar a léirítear Louise Weiss le curriculum vitae mionsonraithe agus rinneadh iad a dháileadh ar na sráideanna.
D’eagraigh sí turas náisiúnta ar fud na Fraince freisin agus chuir sí dlús le gníomhaíochtaí agus agóidí chun an ceart ar fhuascailt na mban a éileamh.
Ach faraor bhí díomá i ndán di arís maidir leis an dul chun cinn san Eoraip: b’éigean do mhná na Fraince fanacht go dtí tar éis an Dara Cogadh Domhanda sula bhfuair siad an ceart chun vótála agus an ceart seasamh i dtoghcháin faoi na coinníollacha céanna leis na fir.
Níorbh fhada gur thuig Weiss go raibh gá lena cuid iarrachtaí in áiteanna eile san Eoraip. In 1938, thuig Weiss go raibh coimhlint nua dosheachanta. Chuaigh sí ag obair leis an gCoiste Lárnach um Dhídeanaithe, a bhunaigh an Aireacht Gnóthaí Eachtracha chun déileáil leis an lear mór teaghlach Giúdach a bhí ag teacht isteach sa tír agus iad ag teitheadh ón Naitsíochas. Ina dhiaidh sin, d’oibrigh sí le hAontas na mBan Francach ar Bronnadh an Légion d’Honneur orthu. Chuidigh sí le seirbhís shibhialtach ban a reáchtáil ‘do chosaint éighníomhach i gcoinne ionsaithe aeir’.
Nuair a tháinig an cogadh arís, lean Weiss lena cuid iarrachtaí chun cabhrú le daoine eile. Thairg sí dul ar misean chuig na Stáit Aontaithe chun cógais leighis agus bia riachtanach a bhailiú do Chros Dhearg na Fraince. Nuair a d’fhill sí, bhí an Fhrainc faoi fhorghabháil. Cé nár éirigh léi an Gestapo a chosc ó ghabháil a dhéanamh ar a leabharlann agus a cuid páipéar pearsanta, d’éirigh léi éalú ó ghéarleanúint frith-Ghiúdach agus roinnt dá cairde a chosaint ó ghabháil.