- Taispeántas: Louise Weiss: Eorpach tiomanta
- Feachtasóir ar son na síochána
In 1930, bhunaigh Louise Weiss La Nouvelle École de la Paix (Scoil Nua na Síochána) i bPáras. Foras ardoideachais príobháideach a bhí i gceist le ‘Scoil na Síochána’. Reáchtáileadh an Scoil comhdhálacha agus díospóireachtaí ag an ollscoil Fhrancach mór le rá, an Sorbonne, maidir le cúrsaí reatha idirnáisiúnta agus na mórcheisteanna polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha ag an am. Bhí Louise Weiss ag iarraidh cúrsaí léinn maidir leis an tsíocháin agus saineolas nua maidir le seachaint coinbhleachta a fhorbairt.
Cé go raibh a hiris L’Europe Nouvelle dírithe den chuid is mó ar an lucht ceannais scothaicmeach, theastaigh ó Louise a teachtaireacht maidir leis an tsíocháin a chur ar fáil freisin don phobal i gcoitinne: mic léinn, lucht gnó, múinteoirí agus státseirbhísigh.
Gach seachtain, reáchtáiltí comhdhálacha le ceannairí polaitiúla, taidhleoirí, iriseoirí, léachtóirí ollscoile, eacnamaithe agus scríbhneoirí. Thugaidís léachtaí ar ábhair éagsúla, mar shampla an ghéarchéim eacnamaíoch dhomhanda, na teorainneacha san Eoraip, teacht i réim na hollsmachtachta agus aontacht na hEorpa. Chinntigh Weiss go raibh ceangal láidir ann le Conradh na Náisiún. Cothaíodh an ceangal sin le sealanna oiliúna, deontais taighde agus tréimhsí staidéir sa Ghinéiv.
Mar sin féin, bhí obair Scoil Nua na Síochána ag éirí níos deacra mar gheall ar an teannas polaitiúil a tháinig chun cinn sna 1930idí. Thuig Louise Weiss go tapa an dainséar a bhain leis an naitsíochas. Chuir óráid a thug Joseph Goebbels, Aire Bolscaireachta an Tríú Reich, i láthair Chonradh na Náisiún deireadh lena dóchas agus lena hiarrachtaí. Chuir sé síos ar an Hitleríeachas mar bhunús le hord san Eoraip. D’áitigh sé gur theastaigh ón nGearmáin náisiúnta-shóisialta an tsíocháin a chur chun cinn i measc na náisiún.
Ní raibh Weiss in ann an fhanaiceacht chontúirteach sin a sheasamh. Níorbh fhada gur bhraith sí nach raibh de rogha aici ach éirí as a cuid iarrachtaí oideachais agus tabhairt faoi shaincheisteanna eile. Ba é bás Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Aristide Briand i 1932, an buille marfach do dhóchas L’Europe nouvelle do shíocháin agus d’athmhuintearas idir an Fhrainc agus an Ghearmáin. Bheadh ar aontacht na hEorpa fanacht.