Taispeántas
- Taispeántas: Dearbhú Schuman
- Na Dúshláin a Bhain le Plean Schuman
Níorbh fhada go ndeachaigh an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus trí thír Benelux i mbun caibidlíochta chun conradh a ullmhú. Ón taobh institiúideach de, ba chúis imní do thíortha Benelux an fhéidearthacht go mbeidís faoi smacht an ghrúpa Fhranc-Ghearmánaigh. Dá bhrí sin, theastaigh uathu go mbunófaí Ard-Údarás iomlán neamhspleách.
Bhí an pobal gnó buartha go ndéanfaí an geilleagar a chur faoi smacht. I measc na ndeacrachtaí eacnamaíocha agus teicniúla, bhí díchuachadh an tionscail throm i limistéar Ruhr. Bhí saincheisteanna polaitiúla ann freisin amhail comhdhéanamh Ard-Údarás CEGC.