Taispeántas
- Taispeántas: Dearbhú Schuman
- ‘Buama Schuman’ an 9 Bealtaine 1950
Ina ráiteas réabhlóideach an 9 Bealtaine 1950, theastaigh ó Schuman corraí a chruthú chun próiseas lánpháirtithe na hEorpa a chur sa siúl. Ba chosúil le buama an chaoi a ndeachaigh an dearbhú sin i bhfeidhm ar na húdaráis riaracháin agus ar an lucht tionscail agus ceardchumann.
Tháinig an togra Francach sin aniar aduaidh ar chách. Léim sa dorchadas a bhí ann, i bhfírinne. Ullmhaíodh Dearbhú Schuman faoi rún agus is éard a bhí i gceist leis ná croitheadh síceolaíoch a chruthú chun suim an phobail a mhúscailt agus chun tabhairt ar rialtais gníomhú.
Éist leis an bpodchraoladh