- Taispeántas: Comóradh 70 bliain Dhearbhú Schuman: 9 Bealtaine 1950
- Strasbourg, croí na hEorpa
Tá gné Eorpach ag baint le Strasbourg le fada an lá agus is gné í sin a bhfuil a cuid fréamhacha le fáil sa tíreolaíocht agus sa stair. Suite idir an cultúr Gearmánach agus an cultúr Laidineach – agus í go minic ag croílár coimhlintí idir an Fhrainc agus an Ghearmáin, bhí gach a raibh i ndán do Strasbourg i ndán don Eoraip freisin a bheag na a mhór. Is in Strasbourg a bhí an Lárchoimisiún um Loingseoireacht na Réine lonnaithe ó 1919, rud a d'fhág go raibh Strasbourg in ann é féin a chur chun cinn i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda mar shiombail den athmhuintearas Franc-Ghearmánach agus den tsíocháin.
Is ar an gcúis sin a lonnaíodh Comhairle na hEorpa ann in 1949, a raibh sé d’aidhm aici an daonlathas iolraíoch, an smacht reachta agus cearta an duine a chomhdhlúthú. Cuireadh leis an ngné Eorpach sin tuilleadh in 1952 nuair a socraíodh gur in Strasbourg a bheadh suíomh an Chomhthionóil Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) – arb as an gComhthionól sin a tháinig Tionól Parlaiminteach na hEorpa agus ina dhiaidh sin Parlaimint na hEorpa, a bhfuil 12 sheisiún iomlánacha á reáchtáil aici in Strasbourg gach bliain.