Taispeántas
- Taispeántas: Dearbhú Schuman
- Comhthiomsú Guail agus Cruach
De bhrí go raibh stáit na hEorpa tiomanta i gcónaí dá gceannasacht, chinn Monnet agus Schuman cur chuige céim ar chéim a ghlacadh. Bhí súil acu go dtiocfadh comhtháthú polaitiúil as comhtháthú eacnamaíoch. Ag an am sin, b’ionann gual agus 70 % den tomhaltas fuinnimh i dtíortha iarthar na hEorpa, agus ba é cruach an príomh-amhábhar a bhí in úsáid le haghaidh tionscail agus armálacha. Tugadh 155 mhilliún tomhaltóir le chéile i gcomhthiomsú na n-earnálacha guail agus cruach. A bhuí le comhthiomsú na dtáirgí sin, bhí sé doshamhlaithe agus dodhéanta go bunúsach go dtosódh cogadh nua idir an Fhrainc agus an Ghearmáin.