Taispeántas
- Taispeántas: Dearbhú Schuman
- Teacht i bhFeidhm Chonradh CEGC
Is iad seo a leanas na hinstitiúidí a bunaíodh leis an gConradh: Ard-Údarás le cúnamh ó Choiste Comhairleach; Comhthionól; Cúirt Bhreithiúnais; agus Comhairle Speisialta Airí. Tar éis an Conradh a shíniú, bhí saincheisteanna praiticiúla a bhain le suíomh na n-institiúidí fós le réiteach ag na Sé Thír.
In éagmais comhaontú críochnaitheach, ba i Lucsamburg a bhí an tArd-Údarás, an Chomhairle agus Cúirt Bhreithiúnais CEGC, agus ba in Strasbourg a lonnaíodh an comhthionól. Tá Conradh CEGC, a tháinig i bhfeidhm an 25 Iúil 1952, beagnach seacht mbliana tar éis dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, ina dhúshraith ag Aontas Eorpach an lae inniu.